← Nuair a chonaic an circín é agus é ag déanamh uirthi, d'eitil sí in airde ar cheann de na rachta agus cheap sí go raibh sí saor ó bhaol. 🔊
← Tháinig mearbhall uirthi tar éis píosa agus thit sí ar urlár na cistine. 🔊
← Chaith sé an mála suas ar a dhroim agus as go brách leis i dtreo a thí féin. 🔊
← Thosaigh sí ag scríobadh ar an mála agus ghearr sí poll ann. 🔊
← Rug sí ar chloch mhór a bhí in aice láimhe agus gan aon torann a dhéanamh chuir sí an chloch isteach sa mhála agus dhún sí an poll sa mhála le dealg. 🔊